Sord/Swords (original) (raw)

Tá an-chuid tagairtí do Sord i bhfoinsí Gaeilge. Toisc go raibh Sord ar cheann de na mainistreacha a bhí nasctha i bhfoirm paruchia faoi choimirce Cholm Cille, scríobhtaí ‘Sord Coluim Cille’ uaireanta, díreach faoi mar atá tagairtí againn do ‘Doire Coluim Cille’ in ionad Doire.

De ghnáth, áfach, ní scríobhtaí ach Sord sa litríocht, gan aon fhocal cáilitheach ina dhiaidh. ‘Sord’ mar shampla a tugadh ar an mainistir i bhFéilire Thamhlachta (a scríobhadh timpeall 800).

Is í Sord foirm oifigiúil an bhaile le daichead bliain anuas, geall leis.