Sult na Sollán (original) (raw)

Tá forbairt leanúnach déanta ag Sult na Sollán ó bunaíodh é in 2009. Faoi láthair, tá clár imeachtaí an-ghnóthach á reáchtáil againn chuile bhliain – idir sheisiúin cheoil thraidisiúnta agus seisiúin amhránaíocht rialta, ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, ‘Bricfeasta as Gaeilge’ ar bhonn seachtainiúil, imeachtaí de chuid an Pop-Up Gaeltacht agus imeachtaí do thuistí agus a bpáistí.

Continuous development has been made by Sult na Sollán since its foundation in 2009. At present, we organise a very busy programme of events every year – between traditional music and singing sessions, Irish languages classes for adults, ‘Breakfast in Irish’ on a weekly basis, events such as Pop-Up Gaeltacht and events for parents and their children.

Eagraíonn muid turais chuig áiteanna atá inspéise ó thaobh na Gaeilge de go ráithiúil agus cuireann muid imeachtaí speisialta ar nós Pilates as Gaeilge agus Oíche Chultúrtha ar siúl. Bíonn dhá fhéile an-ghnóthach againn chuile bhliain; Seachtain na Gaeilge i mí an Mhárta agus bíonn Féile na Sollán i mí Lúnasa.

We organise quarterly trips to places of interest from an Irish language perspective and we put on special events like Pilates in Irish and Culture Night. We have two major festivals every year; Seachtain na Gaeilge in March and Sallins Tradfest in August.