Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peasair
Grúpa mór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, go minic dreapairí nó crúbadaigh, dúchasach do na réigiúin mheasartha thuaidh is Meiriceá Theas. Tugtar peasair[1] nó pis capaill orthu i nGaeilge. Na duilleoga cleiteach le duilleoigíní caola a chríochnaíonn i dteannóga; na pisbhláthanna aonarach nó i mbláthraí beaga nó fada spíceacha ag teacht amach as ascaillí na nduilleog; na cochaill leata, ag scoilteadh ar a bhfad in dhá chomhla. Gan tábhacht eacnamaíoch de ghnáth, uaireanta ina lotnaid don talmhaíocht. Saothraítear saghas coitianta amháin atá dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is réigiúin den Áise, a bhfuil bláthanna corcra uirthi, go forleathan mar fhoráiste d'ainmhithe.[2]
- ↑ ““Vicia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peasair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 510.
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. _Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid._Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |