An Analysis of the Irish-Speaking Communities of North America: Who are they, what are their opinions, and what are their needs? (original) (raw)
"(English Below) Is beag seans go mbeifear in ann an Ghaeilge a chur chun cinn i Meiriceá Thuaidh mar chéadteanga. Níl go leor daoine ann chuige, agus níl baill de phobal na Gaeilge toilteanach cinneadh dá leithéid a dhéanamh. Bímis réalaíoch faoi seo, agus cuirimis an Ghaeilge chun cinn mar dhara teanga. Ach níl an Ghaeilge á cur chun cinn go maith mar dhara teanga. Tá dhá spriocphobal againn i ndáiríre: inimircigh as Éirinn (a bhfuil Gaeilge acu de shaghas éigin cheana féin) agus a sliocht, agus nílimid ag breith orthu in aon chor. Tá na réamhchlaonta a bhíodh ag daoine in aghaidh na Gaeilge imithe, ach ina n-áit tá fadhbanna an tsaoil - níl an Ghaeilge tábhachtach go leor, ná feiceálach go leor, dóibh. Is deacair a shamhlú cé mar a d'athrófái sin, ó is daoine fásta iad seo le tuairimí dochta. Mar bharr ar sin, is beag ama atá acu le caitheamh ar an nGaeilge, go háirithe agus caithimh aimsire dá gcuid féin acu cheana féin. Táimid ag déanamh go huafásach ó thaobh Gaeilmheiriceánach de. Agus iad comhshamhlaithe go mór cheana féin, níl gníomhairí na teanga ag déanamh iarrachtaí ar bith breith orthu in aois scoile nó ollscoile. Is deas ann na ranganna Gaeilge atá ar fáil in áiteanna mar Ollscoil Notre Dame agus Ollscoil Toronto, ach ní fiú tráithnín iad gan cumainn Gaelacha ar na campais sin. Molaim go n-úsáidfí múnla na nGiúdach agus cumainn Gaelacha a bhunú sna hollscoileanna agus sna coláistí tríú leibhéal eile a chuirfeadh an cultúr Gaelach chun cinn ar shlí tarraingteach, éadrom, agus go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach de na cumainn seo. Maidir le cainteoirí dúchais agus cainteoirí lán-líofa, tá comharthaí maithe ann gur féidir na cainteoirí seo a mhealladh agus pobal de shaghas éigin a dhéanamh díobh. Cuimhnímis, ámh, nach gramadach ná foclaíocht atá ag teastáil uathu, ach siamsaíocht, díreach mar a bheifí ag súil leis ó chainteoirí lanlíofa teanga ar bith. Ba cheart cinntiú go bhfuil imeachtaí mar chlubanna leabhar, dramaí, turais lae, agus eile, á n-eagrú dóibh. [English]This paper attempts a survey of the Irish-speaking population of North America, identifying and quantifying eight groups and target groups, paying particular attention to the number of third-level students studying Irish. The number of Irish language students at third-level colleges in North America is needlessly low, and continues to fall. To reverse this trend, we need to acknowledge the figures and address them with aggressive policies. A useful first step would be to examine successful immigrant communities in North America. Jewish studies is a case in hand, with five hundred North American universities offering Hebrew. This author thinks it no coincidence that there are at least five hundred branches of Hillel (the Jewish campus organization) in North America, and suggests that founding Gaelic (not "Irish") societies on campus would lead to increased demand for Irish language classes on campuses, and the development of a Gaelic Irish identity among students, rather than the existing dominant Anglo-Irish identity."