DLÚTHCHAIDREAMH LE DÚTHAIGH: POBAL AGUS TÍR I bPARÓISTE DHÚN CHAOIN (original) (raw)

Comparáid idir Cín Lae Amhlaoibh agus Litreacha as Éirinn -na haicmí sóisialta roimh, agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir

Léann Teanga : An Réiviu, 2022

San alt seo, pléitear an dá théacs, Cín Lae Amhlaoibh (De Bhaldraithe, 1976) agus Litreacha as Éirinn (Ó Finneadha, 2013). Is téacsanna fíorshuimiúla iad na téacsanna seo ina bhfuil téama an ghorta agus na bochtaineachta le feiceáil. Tá téamaí agus ceisteanna éagsúla le feiceáil sna saothair seo, ach tá an t-iniúchadh ar na haicmí sóisialta ar cheann de na téamaí is tábhachtaí iontu. Nochtadh roinnt saothar san 20ú haois agus san 21ú haois a bhain leis an ngorta, mar shampla, Eoghan (Ní Shúilleabháin, 1992); Creideamh agus Gorta (Ó Duinnín, 1901); agus na scannáin Arracht (Ó Súilleabháin, 2019) agus Black 47 (Dillon & Ryan, 2018). Dá shuimiúla na saothair sin, is suimiúla fós na téacsanna scríofa thuasluaite, áfach. Is dialann fhíorcháiliúil í Cín Lae Amhlaoibh, a scríobhadh idir na blianta 1827 agus 1835. Tugann an scríbhneoir, Amhlaoibh Ó Súilleabháin, léargas iontach don léitheoir ar an ngnáthshaol, ar chostas rudaí, ar an aimsir, ar an mbás, ar an tionchar a bhí ag na Gaill ag an am, ach níos tábhachtaí ná sin, ar an difríocht idir na haicmí sóisialta sa tréimhse sin. San alt seo, pléitear roinnt de na tréithe sin atá luaite agus an bhaint a bhí acu leis na haicmí sóisialta. Is sraith litreacha atá sa dara téacs, a scríobh an Gearmánach Moritz Hartmann agus é ar cuairt in Éirinn. Mar sin, tá éagsúlacht idir an dá théacs maidir le dearcadh agus meon an scríbhneora agus an scríbhneoireacht féin. Tagann ceist na n-aicmí sóisialta chun cinn sna litreacha chomh maith, áfach, rud a thugann seans dúinn iniúchadh comparáideach a dhéanamh eatarthu.