tai_scripts_of_india_-_khamti.pdf (original) (raw)

Croidhe CainnteChiarraigheSean Og O Caomhanaigh a thiomsaigh

2008

Dearbhti i Focal Buiocliais » Noda v Coimriu vii C o im r iú Tá dhá chuid i gceist leis an tionscadal dochtúireachta seo-eagrán d 'fhoclóir SO, CCC a réiteach don chló agus tráchtas mar threoirleabhar leis an saothar. Bhí SO ag gabháil dá mhórshaothar thar thréimhse 7 mbliana, agus cé gur chuir sé saothar le chéile ina raibh breis agus 2,200,000 focal, chinn An Roinn Oideachais nach bhfoilseoidís an saothar ag an am. Cuireadh naoi n-imleabhar is fiche an tsaothair ar coimeád sa Leabharlann Náisiúnta i ndiaidh don Roinn na cearta a cheannach ón údar, áit a bhfuil na himleabhair ó shin agus iad fós gan foilsiú. Bhí sé mar aidhm agam, mar sin, agus mé ag tosú amach, an saothar a thabhairt chun soláis arís trina réiteach don chló. Sula bhféadfainn aon rud eile a dhéanamli ba é an chéad chéim sa phróiseas eagarthóireachta an foclóir iomlán a chlóscríobh. Leag mé amach i bhfoirm Word ar dtús é (agus breis is 4,500 leathanach ann ar deireadh), agus ansin chuir mé cruth leathanach Gréasáin air ag baint úsáide as HTML agus JavaScript. De réir mar a bhí mé ag gabháil don chlóscríbhneoireacht, chuir mé le chéile liostaí de shainchomharthaí teanga agus bhailigh mé faoi na teidil seo a leanas iad, liostaí atá curtha ar fáil agam ar leathanach innéacs an fhoclóra: