Tóstal Uí Bhróithe: An_Gael_Earrach_2014.pdf (original) (raw)
Related papers
Ann an litreachas an t-sòisio-chànanachais, thathas a’ smaoineachadh gum bi ideòlasan cànain – mar chreideamhan agus seasamhan mu dheidhinn cànain – gu tric a’ cur ris na dòighean anns am bi coimhearsnachdan sònraichte a’ cleachdadh nan cànanan aca ann am beatha làitheil (Silverstein, 1979, td. 193; Dauenhauer is Dauenhauer, 1998, td. 64; Kroskrity, 2004, td. 496). Gu h-àraid, tha cuid de dh’eòlaichean a’ cumail a-mach gum bi ideòlasan cànain, an dà chuid ann an comann farsaing agus ann an coimhearsnachdan beaga, gu tric a’ dol an aghaidh – agus a’ tarraing sìos – nan cleachdaidhean labhairt dùthchasach aig coimhearsnachdan mìon-chànanach (Fishman, 1991, td. 395; Makihara, 2010, td. 45). Uime sin thathas a’ creidsinn gum faod sgrùdaidhean air ideòlasan cànain – a bheir sùil air na ceanglaichean eadar cleachdadh labhairt is seasamhan cànain – a bhith a’ cur ris an tuigse a th’ againn air adhbharan a th’ air cùlaibh nan atharrachaidhean sòisealta a bhios a’ nochdadh gu tric an lùib gluasaid cànain. Sa phàipear seo bidh mi a’ tarraing aire do chuid dhe na h-ideòlasan cànain a chaidh a chur an cèill le luchd-compàirt ann an agallamhan mar phàirt dhen rannsachadh dotaireil agam. Ri linn an rannsachaidh seo thug mi sùil air na cleachdaidhean, beachdan agus ideòlasan cànain a tha aig buidheann de dh’inbhich (N=130) a thòisich ann am foghlam tro mheadhan na Gàidhlig sna bliadhnaichean bu tràithe ’s a bha e ri fhaighinn ann an Alba.
Gaelphobail á mBeartú: Pleanáil Riachtanach d'Inmharthanacht Pobail Nua Teanga (Tráchtas M.A.)
2011
Déanann an tráchtas seo iniúchadh ar choincheap an mhionphobail nua Ghaeilge agus ar an modh bainistíochta agus na tacaíochtaí atá riachtanach chun inmharthanacht pobail den chineál seo a chinntiú. Léiríonn na torthaí ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuil na castachtaí sochtheangeolaíochta atá ag baint leis an nGaeltacht ag imirt tionchar ollmhór ar na patrúin úsáide teanga agus taispeánann na treochtaí go mbeidh deireadh leis an nGaeltacht mar phobal teanga i gceann 20 bliain eile. Is léir ó thaighde idirnáisiúnta go bhfuil an domhandú ag brú mórtheangacha agus ollteangacha ar mhionphobail ar fud an domhain agus go bhfuil na mílte mionteangacha faoi bhagairt an aistrithe teanga. Tá an bhagairt chéanna ann don Ghaeilge agus feictear an fhianaise go soiléir sa Ghaeltacht agus sna pobail Ghaeilge a bhfuil cíoradh á dhéanamh orthu sa taighde seo. Aithnítear sa tráchtas seo an gá agus an phráinn atá ann le gníomhú chun pobail theanga a chosaint agus pobail theanga nua a thógaint amach anseo chun seasamh láidir a thabhairt do mhórphobal na Gaeilge agus mionphobail na Gaeilge in aghaidh fhorlámhas an Bhéarla. Gan pobal comhtháite láidir a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo, ní fada a mhairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail. Is léir go bhfuil ceachtanna tábhachtachta le foghlaim ón nGaeltacht agus ó phobail Ghaeilge eile. Tá deis ann do mhórphobal na Gaeilge na ceachtanna seo a mheas agus iad a chur i bhfeidhm trí mhionphobal nua a thógaint a bheadh ina eiseamláir d‟iarrachtaí neartaithe teanga eile ar fud na tíre. Ceistítear sa tráchtas seo na modhanna bainistíochta agus na tacaíochtaí riachtanacha atá ríthábhachtach do thodhchaí mionphobal trí anailís a dhéanamh ar mhodh oibre agus pleanáil cheithre phobal Gaeilge agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na modhanna sin chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an Bhéarla chomh maith le héifeachtacht an tseachadta idirghlúine sna pobail ábhartha. Is fís uaillmhianach é an coincheap seo do Ghluaiseacht na Gaeilge ach is céim chriticiúil í in athbheochan na Gaeilge agus i mbuanú na teanga mar theanga phobail chomh maith. Ní mór don stát aghaidh a thabhairt ar an gcoincheap freisin agus lán-tacaíocht a thabhairt do spriocthionscnaimh dá leithéid seo chun iarrachtaí neartaithe teanga a éascú agus fócas a thabhairt do chéim nua a bheadh éifeachtach agus bisiúil do thodhchaí na Gaeilge.