L'Attaque Síoraí [Léachtaí Cholm Cille 52 Stair agus Ficseanó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach Eag. Fionntán de Brún ] (original) (raw)

L'Attaque Síoraí [Léachtaí Cholm Cille 52 Stair agus Ficseanó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach Eag. Fionntán de Brún ]

2022, Léachtaí Cholm Cille 52 Stair agus Ficsean – ó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach Eag. Fionntán de Brún l

Is leabhar Béarla, The year of the French, a bhí beartaithe ag Eoghan Ó Tuairisc (1919-82) mar úrscéal a bhunófaí ar an ionradh a rinne fórsa de mhíle saighdiúir Francach faoi cheannas an Ghinearáil Jean Humbert ar Chúige Chonnacht le linn Lúnasa na bliana 1798, Bliain na bhFrancach. Bhí sé mar rún ag Humbert ceangal leis na hÉireannaigh Aontaithe le 'Republic of Connaught' a bhunú agus buanna Réabhlóid na Fraince a bhronnadh ar Éirinn. Is le laethanta tosaigh an fheachtais a bhaineann an t-úrscéal. Ar mholadh tráchtála ón bhfoilsitheoir Allen Figgis, is i nGaeilge a rinne Ó Tuairisc an t-úrscéal a fhoilsiú sa deireadh agus ba é L'Attaque an toradh (Ó Tuairisc 1981: 45). Thart ar an am céanna sin, bhí saothair Bhéarla leis á naistriú go Gaeilge aige agus bhain dráma agus gearrscéal leis a aistríodh duaiseanna amach ag an Oireachtas in 1961 (Nic Eoin 1988: 162). In agallamh a rinneadh leis in Innti, leag sé béim ar an mbonn láidir airgeadais a bhí faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge ag an am i gcomparáid leis an mBéarla agus a mhealltaí is a bhí an Ghaeilge dá bharr sin don scríbhneoir lánaimseartha (Ó Tuairisc 1981: 34). Á chur seo ar fad san áireamh, ba dheacair gan a bheith in amhras faoi bhunteanga scríofa L'Attaque, a foilsíodh in 1962 agus is díol spéise é gur lochtaigh 'Flann Mac an tSaoir' (Tomás Ó Floinn), príomhléirmheastóir na linne, an leabhar tráth a fhoilsithe as ucht 'Béarla i gcraiceann Gaeilge, agus é tuatúil ina theannta sin' a bheith ann ('Flann Mac an tSaoir' 1962: 20). Ach, mar atá ráite ag Moray Watson i dtaobh Iain Mhic a' Ghobhainn (Iain Crichton Smith), níor ghá gur locht é teannas na dteangacha: 'bilingualism creates tensions, the choice of language creates pressures of finance and loyalty, and all of it creates inspiration' (Watson 2016: 146).