An Spidéal: Stair agus Pobal - An Spidéal (original) (raw)
An dá Spidéal
Droichead Timín Joe Tim, thar Abhainn Bholuisce
Timpeall deich míle siar ó chathair na Gaillimhe, le hais na mara, atá sráidbhaile an Spidéil. Téann Abhainn Bholuisce chun farraige ansin, agus ’sí a scarann dhá pharóiste a bhfuil an t‑ainm oifigiúil céanna orthu.
- Ar an taobh thoir den abhainn tá paróiste an Spidéil, atá i ndeoise na Gaillimhe.
- Ach taobh thiar den abhainn tá paróiste an Spidéil eile, atá in ard-deoise Thuama. ‘Paróiste an Chnoic’ a thugtar ar an bparóiste seo go háitiúil.
Ó thaobh cáipéisí sibhialta de, paróiste Chill Ainnín atá taobh thiar, paróiste Mhagh Cuilinn atá taobh thoir agus is i mbarúntacht Mhagh Cuilinn atá an dá pharóiste.
An Spidéal i gcáipéisí stairiúla
I 1584 is túisce atá tagairt le fáil don Spidéal. Nuair a scríobh Ruairí Ó Flaithearta A Chorological Description of West or hIar-Connaught sa mbliain 1684 dúirt sé Spidell is so called of Spittle or Hospitall. Focal iasachta ón mBéarla nó ón bhFraincis é ‘spitél’, agus deir foclóir Acdamh Ríoga na hÉireann gur hospital, hospice attached to a church or a monastery is brí leis. San Composition Book of Conaught, in 1585, luaitear Baylespideill, rud a thabharfadh le fios go raibh talamh ag baint leis an ospidéal seo agus is é is dóigh, mar sin, go raibh fondúireacht eaglasta san áit sna meánaoiseanna. De réir seanchais áirithe, bhí ospidéal ar an gCré Dhubh, in aice na farraige; áit a tógadh d’aon turas do dhaoine a ghlac páirt sna Crosáidí agus a thug galair iasachta abhaile leo.
Nuair a déanadh na léarscáileanna ordanáis sa naoú céad déag:
- ‘An Spidéal Thiar’ a tugadh ar an tsráidbhaile agus ar na bailte fearainn Baile Chonamara is Baile Éamainn.
- ‘An Spidéal Láir’ a tugadh ar an mbaile fearainn Baile Liam.
- ‘An Spidéal Thoir’ a tugadh ar na bailte fearainn Baile ’n Domhnalláin is Baile ’n tSagairt.
Tá daoine sa bpobal a thugann ‘Baile an Droichid’ ar an tsráidbhaile, agus is “siar ag an droichead” a bhíodh an seandream ag dul. An droichead a thrasnaíonn Abhainn Bholuisce, taobh thiar den tsráidbhaile, atá i gceist anseo, dár ndóigh. I 1670 a tógadh an droichead céanna.
Cill Éinde agus cúrsaí creidimh
Cill Éinde
Luaigh an Flaitheartach go raibh Seipéal an Spidéil, a bhí tiomnaithe do Naomh Éinde, patrún Árann, ar an taobh thoir den abhainn, agus tá fothracha an tseipéil sin le feiceáil fós sa tseanreilig atá in aice na seanchéibhe.
Tá seipéal Caitliceach, staisiún gárda cósta, reilig, fothraigh mainistreach, cora bradán, agus céibh le feiceáil ar bhilleog 92 de na léarscáileanna, a déanadh in 1840. Tá trí theach ar leith luaite ann: Bohoona Lodge i mBothúna, agus neart crainnte thart air, Spiddal House i mBaile an tSagairt, agus Sheaunroe House ar An Sidheán. Cuireadh leis an tsráidbhaile sa gcuid eile den chéad sin. Tógadh séipéal Protastúnach agus ceann nua Caitliceach. Tógadh teach dídine do dhíleachtaí frisin, chomh maith le scoil agus céibh nua. Lárionad riaracháin a bhí san áit freisin. Bhí beairic póilíní, íoclann agus teach cúirte ar an mbaile. Bhíodh aonach míosúil sa Spidéal san naoú céad déag fiú; aonach a bhíodh ar bun go dtí timpeall tús na 1980daí.
Nuair a rinne Samuel Lewis A Topographical Dictionary of Ireland in 1837, luaigh sé go raibh seipéal beag ceann tuí sa tsráidbhaile agus de réir traidisiún na háite, is san áit a mbíodh Óstán an Droichid, thart ar an áit a bhfuil An Nead inniu, a bhí an seipéal sin. Is cinnte gurb í Cill Éinde, an seipéal a tógadh sa Spidéal i dtús an fhichiú chéid, ar cheann de na comharthaí aitheaintais is suntasaí den Spidéal anois.
San áit a bhfuil Coláiste Chroí Mhuire sa lá atá inniu ann, ar bhruach Abhainn Bholuisce, thóg James Macredy, ministéara Protastúnach, teach scoile agus teach dídine do dhílleachtaí sa mbliain 1853, ar mhaithe leis an Society for Irish Church Missions. ‘An Nead’ nó ‘an _Refuge_’ a thugadh muintir na háite ar an teach, agus ‘Jumpers’ a thugtaí ar na gasúir a bhíodh san áit. Thug Macredy fíodóir as Béal Feiriste le ceird na fíodóireachta, idir lín agus gingham, a mhúineadh do na buachaillí agus cuireadh oiliúint ar na cailíní le dul ar aimsir i dtithe móra.
An Chéibh Nua
Céibh Nua an Spidéil
Idir na blianta 1867 agus 1871 a tógadh an Chéibh Nua atá sa Spidéal. Ocht míle punt a chosain sí.
Bhí sé i gceist gur ag an Aill Fhinn ar an gCnoc a thógfaí an chéibh ach d’éirigh le Mícheál Muiréis, a bhí ina theachta pairliminte do Chontae na Gaillimhe ag an am, agus aithne mhaith air sa Rialtas dá bhrí sin, í a chur á déanamh sa Spideál. B’eisean a bhí ina thiarna talún ar an gceantar ó Shaile Thúna aniar go dtí an tsráidbhaile.
Bronnadh an teideal Tiarna Chill Ainnín air ina dhiaidh sin.
Coláiste Connacht
Coláiste Connacht
Tá Coláiste Connacht timpeall trí mhíle soir ó shráidbhaile an Spidéil, ar bhóthar an chósta. I mí Lúnasa 1910 a reachtáladh an chéad chúrsa Gaeilge ann. Bhí Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh le cúpla bliain roimhe sin ach bhí oiread sin éilimh ar chúrsaí gurbh éigean an dara hionad a aimsiú agus thóg an coiste léas ar theach mór ‘Arundale’, nó ‘Radharc Árann’, sa Sidheán; dhá mhíle soir ón tsráidbhaile. Bhí an‑bhorradh faoi athbheochan na Gaeilge ag an tréimhse sin, agus daoine fásta, idir dhíograiseoirí teanga agus daoine ar theastaigh uathu teastas an Bhoird Oideachais le dul ag múineadh sna scoileanna dhátheangacha, a bhíodh ag freastal ar na cúrsaí. An t‑Athair Mac Giolla Sheanaigh a bhí ina chisteoir agus ina rúnaí ar an gColáiste. Ba eisean Déan Caitliceach Ollscoil na Gaillimhe ag an am. Gaeilgeoir fíor-dhíograsach agus ball an‑ghníomhach de Chonradh na Gaeilge a bhí ann. Ceapadh ina shagart paróiste ar an Spidéal é i 1914 agus is iomaí uair a luaitear a ainm sa bpobal fós. Dála an scéil, i 1915 bhíothas ag fiafraí sa gClaidheamh Soluis céarbh é an paróiste ba ghaelaí in Éirinn, agus dar le Pilib de Bhaldraithe, timire de chuid an Chonartha, ba é an Spidéal a thuill an gradam sin, a bhuíochas sin go huile is go hiomlán don Athair Mac Giolla Sheanaigh.
Cuireadh halla nua leis an gColáiste i 1913, agus bhíodh dhá chúrsa samhraidh ann ó 1914 i leith. Bhíodh an‑cháil ar fheabhas na múinteoireachta sna blianta tosaigh sin agus bhuaigh an fhoireann teagaisc Corn Mhichíl Bhreathnaigh, corn Oireachtais a bronnadh ar mhodhanna múinte Gaeilge, trí bliana as a chéile: i 1913, 1914, agus 1915. Bhain an coiste an‑leas as seo sna fógraí a chuir siad sna páipéir. Díol spéise na fógraí céanna ar chúpla bealach. I gceann a foilsíodh i 1915, chomh maith le haird a tharraingt ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí lóistín an cheantair, dúradh magnificent open sea-bathing strand with bathing boxes free, and steam-rolled roads.
Ón gcéad bhliain ar bunaíodh an Coláiste, bhíodh feis ann agus tá gnéithe de sin fós sa bpobal i bhfoirm féilte, éigsí agus imeachtaí ceoil agus ardáin. B’iad Éibhlín Bean Mhic Choistealbha, an bhean a chuir Amhráin Mhuighe Seóla, ar bailíodh cuid den ábhar ann sa Spidéal, in eagar agus Eithne Ní Oisín a rinne moltóireacht ar na hamhránaithe ag feis na bliana 1910. Bhí siad an‑sásta leis an gcaighdeán ach bhí siad den bharúil nach raibh an sean‑nós chomh foirfe i gCois Fharraige agus a bhí sé i gceantar Thuama! Maidir leis an gcomórtas damhsa, dúradh go raibh na hiarrathóirí enthuisatic, but far from perfect!
Fáilte rómhat go Coláiste Chonnacht
Bhí, agus tá, an‑tábhacht ag roinnt le Coláiste Chonnacht. Is mór i gceist an turasóireacht chultúrtha anois ach is cinnte gurb é an Coláiste a chuir tús i ndáiríre le tionscal na turasóireachta sa taobh seo tíre. Thosaigh cuairteoirí ag teacht go rialta agus cuireadh lóistín ar fáil dóibh sna tithe áitiúla. Chuidigh sé sin le cúrsaí eacnamaíochta – airgead cinnte le fáil ag mná tí as freastal a dhéanamh ar Ghaeilgeoirí.
Tá tábhacht sóisialta ag roinnt leis an gColáiste freisin. Is ionad pobail é, a bhfuil leas á bhaint as mar ionad siamsaíochta, faoi dhíon agus ar na páiceanna imeartha taobh amuigh. Ionad cruinnithe é. Is ann a reachtáltar ionad chúram leanaí an cheantair. Is ann is mó a fheidhmíonn Aisteoirí an Spidéil, cumann amaitéarach drámaíochta a bhfuil cáil i bhfad is i ngearr air agus a dtéann a stair siar go dtí bunú Choláise Chonnacht. Is ann a eagraítear Taispeántas Chois Fharraige, taispeántas bliantúil talamhaíochta agus ceardaíochta i dtús an Fhómhair.
Bhíodh cáil abhus agus thall ar chéilithe an Choláiste agus bhíodh tarraingt ag pobal Chonamara ar fad, siar chomh fada le Rosmuc is Carna agus ag muintir Mhaigh Cuilinn, ag teacht trasna an tsléibhe chuig céilí an Domhnaigh. Bhíodh na bannaí céilí móra ann: Banna na Tulaí, Banna Chill Fhionnúrach agus a léithéidí sin, agus an tóir chéanna ag na damhsoirí, ar a gcuid pictiúir agus iad sínithe ag na laochra ceoil sin agus atá ar réalta ceoil an lae inniu ag a nglúin féin!
Leagan amach na talún i gCeantar an Spidéil
Córas rundale, áit a mbíonn garrantaí na feilme scaipthe abhus is thall, scartha óna chéile, an córas gabhaltais atá i réim i gCeantar an Spidéil. Clacháin – grupaí tithe le chéile agus a gcuid sciobóil leo – an leagan amach a bhíodh ar na bailte. Leanadh an‑dílis dó seo sa gceantar, go dtí suas le tús na 1970daí. Scaitheamh suas ón bhfarraige, in aice srutháin, a bhíodh na clacháin seo go hiondúil, beag beann ar bhóthar an chósta ach go mbíodh bóithríní feamainne chun na farraige acu agus bóithríní eile soir siar idir na clacháin éagsúla. Is cosúil gur thart timpeall ar aon teaghlach amháin a tógadh na clacháin i dtús báire. Ach de bharr póstaí óga, muiríní móra agus foroinnt chothrom ar an hoidhrí ar fad, ba ghearr a bhí sé gur leathnaigh agus gur mhéadaigh na bailte seo. Sin, dáiríre, is bunús leis an gcineál forbairt thithíochta atá san áit — forbairt ribíneach; tithe scaipthe ar fud na háite. Mar go mbíodh garrantaí in aice an chladaigh freisin ag chuile chlann, le go bhféadfaidís feidhm níos saoráidí a bhaint as leasú na feamainne, d’fhág sin go raibh roinnt talún cois cósta ag chuile theaghlach freisin. Leis an athrú saoil – teacht an leictreachais, córais iompair, airgead Mheirceá is airgead deontais, agus deiseanna fostaíochta sa mbaile – thréig an pobal na clacháin agus theann siad anuas na bóithríní agus síos ar bhóthar an chósta le tithe nua a thógáil. Mhair fearasbarr na ndaoine ar gach ar sholáthar siad dóibh féin as saothrú a gcuid talún agus portaigh. Ba í an imirce a réitigh fadhbanna na dífhostaíochta.
An Spidéal agus Cathair na Gaillimhe
Mar gheall ar cheantar an Spidéil a bheith chomh gar sin do Ghaillimh, bhí deis margaíochta ag an bpobal sa gcathair sin. Luann Gaskell sa naoú céad déag féin go ndíoltaí bainne, im agus éanlaith clóis i nGaillimh. Agus thug Máirtín Ó Cadhain, an t‑údar clúiteach Gaeilge a fáisceadh as an bpobal seo, an‑léargas ar an gcruatan a bhain leis an turas anróiteach sin sa scéal cáiliúil ‘An Bóthar go dtí an Ghealchathair’ in Idir Shúgradh is Dáiríre. Dhíoltaí móin le muintir an bhaile mhóir freisin agus ar an airgead sin a cheannaíodh daoine an plúr agus na riachtanais eile nár fhéad siad féin a sholáthar. Dhéantaí babhtáil freisin sna siopaí áitiúla – uibheacha go háirithe. Luaigh Máirtín Standún go raibh an córas sin i bhfeidhm i ndeireadh na 1940daí agus i dtús na 1950daí, nuair a chuaigh sé féin agus a bhean Máire i mbun an Bungaló, an siopa cáiliúil sin a bhunaigh siad i mBaile an Domhnalláin — uibheacha ar tae, ar shiúcra, agus ar earraí grosaera eile.
De bharr feabhas a bheith ar chóir taistil agus deiseanna fostaíochta a bheith níos fairsinge, tá muintir an Spidéil agus Chois Fharraige fré chéile ag dul chun an bhaile mhóir – agus tá an baile mór é féin ag teannadh le Cois Fharraige, agus tionchar dá réir aige ar an áit. Tá éileamh an‑mhór ar shuímh tithe, na láthair chéanna á ndíol go tréan, agus a lorg sin le feiceáil ar an tírdhreach aiceanta.
Oideachas, tionsclaíocht agus fostaíocht
Eastáit Tionsclaíochta an Údaráis
Ach oiread le pobal tuaithe ar bith eile in Iarthar Éireann, ba bheag an t‑údar a bhí ag muintir na háite seo fanacht sa mbaile cheal fostaíochta — in ainneoin go raibh fáil ar dheiseanna oideachais agus oilúna sa gceantar seo le fada an lá.
I Meán Fhómhair na bliana 1931, bhunaigh an Coiste Gairm Oidis ceardscoil i gColáiste Chonnacht. Chaith sí sin deich mbliana sa Nead, idir na blianta 1937 agus 1947, agus ar ais léi go dtí Coláiste Chonnacht arís. Ar Lá ’l Bríde 1950, osclaíodh Gairmscoil Choilm Cille ar an gCnoc; áit a bhfuil sí lonnaithe ó shin (Coláiste Cholmcille atá uirthi anois). Tháinig Siúracha na Trócaire chun an Spidéil i 1909 i mbun bunscolaíochta agus d’oscail siad Coláiste Chroí Mhuire i 1947. Meánscoil do chailíní, idir scoláirí lae agus scoláirí cónaithe, a bhí inti sin i dtosach ach glacadh le buachaillí ó 1965 i leith.
Mar sin féin, bhí ar go leor de mhuintir na háite an ceantar a fhágáil cheal fostaíochta agus tá a sliocht sin fairsing i Sasana agus Meirceá; i stát Mhasachuchettes go háirithe.
Is dóigh gurb é an bacús a bhíodh tí Phroinséas an chéad tionscail a bhí san áit. Choinnigh an bacús sin builíní le scoileanna Chonamara ar fad. Seans gurbh í an mhonarcha bréagán a bhíodh i mBaile an tSléibhe an mhonarcha is mó a labhrann muintir na háite uirthi. Bhíodh monarcha ag Muintir Standún díreach buailte ar an siopa acu. Geansaithe Árann, a bhíodh á gcníotáil ag a gcuid fostaithe ar fud na tíre, a bhíodh á bhfuáil le chéile agus balchrích á gcur orthu ansin, ó 1960 go dtí 1990.
An Coimisinéar Teanga
I 1973, cheannaigh Gaeltarra Éireann píosa mór talún ar an Sidheán agus i mBaile an tSagairt, cuid de eastát Bunbury. Thapaigh Gaeltarra an deis eastát tionscolaíochta a chruthú ar an láthair. Tionscail teicstíle faoi stiúr chomhluchtaí Iodálacha a bhí ann i dtús báire ach cuireadh go mór le líon na ndéantús agus na seirbhisí ó shin. Is ann a lonnaíodh Oifigí an Choimisinéir Teanga nuair a cuireadh an Oifig ar bun i 2004 agus is ann atá siad i gcónaí.
I 1976, bhain conspóid mhór le suíomh eile atá taobh thoir den tsráidbhaile nuair a cheadaigh Comhairle Contae na Gaillimhe scór teach a thógáil ann. Cuireadh go láidir i gcoinne chead na Comhairle de bharr ceisteanna timpeallachta, séarachais agus cúrsaí teanga. Níor tógadh na tithe sin agus cheannaigh an tÚdarás an suíomh níos faide anonn. Ó 1984 i leith is ar an láthair sin atá Ceardlann an Spidéil suite. Tá neart forbairtí á ndéanamh thart ar an láthair sin le roinnt blianta anuas. Is cinnte go dtacaíonn GTeic an Spidéil, atá lonnaithe ann, go mór le fiontraithe nua agus gnólachtaí beaga deis a bheith acu feidhmiú go háitiúil agus is cinnte go bhfuil Stiúideó Cuan, atá suite ó thuaidh den Cheardlann, ag cur go mór le cúrsaí ceoil agus ealaíon sa Spidéal.
Saibhreas cultúrtha an Spidéil
Laocha litríochta agus béaloidis Cheantar an Spidéil
Is saibhir go deo an oidhreacht béaloidis, amhráin, ceoil agus litríochta a d’fhág a sinsear ag muintir an cheantair seo – agus a d’fhág a lorg ar léann agus ar litríocht na hÉireann. Ba mhór le rá an staraí Ruairí Ó Flaithearta as an bPáirc, an t‑aistritheoir Eoghan Ó Neachtain as an bPáirc freisin, Máritín Ó Cadhain as an gCnocán Glas – fathach na litríochta Gaeilge sa bhfichiú aois – agus Joe Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh, a shaibhrigh saol na muintire lena ghaois agus a ghrean.
Is liosta le háireamh na ceoltóirí agus amhránaithe breátha a fáisceadh as an bpobal. Má luaitear Spidéal an Cheoil, smaoinítear ar Khate Sheáin Tom Uí Chonláin, ar a mac Feistí Ó Conláin, ar a col cearthar Tom Pháidín Tom Ó Coistealbha, ar Thomás Tom Pheaits Ó Neachtain, ar Phat Phádhraic Tom Ó Conghaile, ar Mháire Phíotiar Uí Dhroighneáin, ar an ngrúpa Dordán, ar bhunú Dé Danann tí Hughes – agus gan muid ach i dtús liostála.
Tá Cló Iar-Chonnacht agus Futa Fata anseo sa Spidéal; péire de na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge is mó sa tír agus an‑rath orthu. Cheannaigh Údarás na Gaeltachta seanteach an tsagairt i mBaile Ard i 1981 agus is thart ar an láthair seo atá an tionscail is mó a bhfuil clú ar an Spidéal faoi anois: an tioscail closamhairc agus físe. Is ann a déantar taifeadadh ar Ros na Rún agus tá borradh ar an tionscal físe Gaeilge á chothú dá bharr sin sa gceantar. Tá forbairt leanúnach ar bun ar Pháirc na Meán san áit chéanna.