Rol an Raidio i gcruthu pobail (original) (raw)

Féiniúlacht agus Inspreagadh i gcás Cúntóirí Teanga i Scoileanna Gaeltachta

TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics

San alt seo, cuirtear i láthair taighde a rinneadh ar ghnéithe éagsúla de chur i bhfeidhm Scéim na gCúntóirí Teanga (an Scéim feasta) atá á reáchtáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Cuireann an Scéim, atá ar bun ó bhí 1999 ann, cúntóirí teanga ar fáil do scoileanna Gaeltachta d’fhonn an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc daltaí scoile sna ceantair sin. Ba é aidhm mhór an tionscadail taighde ná iniúchadh a dhéanamh ar staid reatha na Scéime agus ina dhiaidh sin moltaí chun feabhais a chur ar fáil. Úsáideadh ceistneoirí, agallaimh agus grúpaí fócais le sonraí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara na Scéime. San alt seo, dírítear ar shonraí a bhaineann le féiniúlacht agus inspreagadh na gcúntóirí teanga a tháinig chun cinn sna grúpaí fócais ar ghlac 50 cúntóir páirt iontu. I gcomhthéacs na féiniúlachta, is iad na téamaí a d’eascair ó na comhráite ná féindearcadh na gcúntóirí orthu féin, a ról i suíomh na hoibre, agus ról na hoib...

Tóstal Uí Bhróithe: An_Gael_Earrach_2014.pdf

An Gael, 2014

Seo alt cuíosach fada a scríobh me faoi thóstal nó faoi bhailiú le chéile mo chlainne chun ár n-oidhreacht phearsanta a chomóradh. Bhí daréag i gclann mó mhátharsa agus an chuid is mó díobh imithe ar shlí na fírinne nuair a chumas an t-alt seo. Cheap mo dheartháir Gearóid, an fear a d'eagraigh an tóstal agus a chuaigh i gcumarsáid le mo cholcheathracha uile, gur mhithid dúinn teacht le chéile agus ár ndúchas clainne a chomóradh sula mbéimis go léir curtha faoin gcré! Seo agaibh cúntas ar an ocáid bhreá sin a tharla ag deireadh an tsamhraidh 2013. Ta an t-alt curtha i gcló ar laethanaigh 15, 16, 20 agus 21. Ta go leor grianghraif curtha leis an bpíosa próis is is me féin ata ciontach astu!