Orbital (original) (raw)
Is éard is fithiseán ann ná feidhm mhatamaiticiúil a thugann cur síos ar iompraíocht an leictreoin san adamh nó sa mhóilín. Is féidir dul i dtuilleamaí na feidhme matamaiticiúla sin leis an réigiúin a oibriú amach a gcoinneoidh an leictreon taobh istigh de, ar acht go bhfuil an leictreon ar leibhéal áirithe fuinnimh. Is féidir an dá thuiscint a bhaint as an téarma sin "fithiseán": is é an fheidhm mhatamaiticiúil é, ach is é an réigiún spás freisin ar féidir a theorainneacha a oibriú amach agus tú ag dul i dtuilleamaí na feidhme. Thar aon rud eile, is iad na fithiseáin adamhacha na staideanna éagsúla candamacha i scamall na leictreon timpeall núicléas an adaimh.
Property | Value |
---|---|
dbo:abstract | Is éard is fithiseán ann ná feidhm mhatamaiticiúil a thugann cur síos ar iompraíocht an leictreoin san adamh nó sa mhóilín. Is féidir dul i dtuilleamaí na feidhme matamaiticiúla sin leis an réigiúin a oibriú amach a gcoinneoidh an leictreon taobh istigh de, ar acht go bhfuil an leictreon ar leibhéal áirithe fuinnimh. Is féidir an dá thuiscint a bhaint as an téarma sin "fithiseán": is é an fheidhm mhatamaiticiúil é, ach is é an réigiún spás freisin ar féidir a theorainneacha a oibriú amach agus tú ag dul i dtuilleamaí na feidhme. Thar aon rud eile, is iad na fithiseáin adamhacha na staideanna éagsúla candamacha i scamall na leictreon timpeall núicléas an adaimh. Tá áit ar gach fithiseán do dhá leictreon, ar acht is go sáraíonn siad guairne a chéile. Toradh é seo do phrionsabal an eisiaimh, nó prionsabal Pauli, a deir nach féidir le dhá leictreon an staid chandamach chéanna a bheith acu i néal leictreon aon adamh amháin. Ba í an tuiscint a bhí ag an bhfisic chlasaiceach ar an adamh ná go raibh na leictreoin ag timpeallú núicléas an adaimh cosúil leis an dóigh a mbíonn na pláinéid ag dul timpeall na Gréine. D'fhorbair an mheicnic chandamach toisc gur theastaigh ó na fisiceoirí iompraíocht na leictreon a mhíniú, agus iad ag timpeallú an núicléis. Níl an tuiscint chlasaiceach ag teacht go rómhaith leis an réaltacht ar leibhéal na gcáithníní fo-adamhacha, agus mar sin, is fearr "fithiseáin" ná "fithisí" a thabhairt ar na réigiúin ina bhfuil na leictreoin le fáil. San adamh, is féidir áit an leictreoin a shainiú trí luachanna an cheithre uimhir chandamacha a thabhairt: * an phríomh-chandamuimhir, a thugann an leictreonsceall a bhfuil an leictreon suite air. In áit na gcandamuimhreacha, is minic a úsáidtear litreacha leis an leictreonsceall a thabhairt: is é an K-sceall an ceann is cóngaraí don núicléas, agus ag dul amach ón núicléas táthar ag dul ar aghaidh san aibítir: K, L, M, N... * an chandamuimhir asamatach nó an chandamuimhir fithiseáin, a thugann an leibhéal fuinnimh - an "fosceall" a bhfuil an leictreon suite air, taobh istigh den leictreonsceall. Ar an gcandamuimhir seo a aithnítear an cineál fithiseáin a bhfuil an leictreon suite air. Úsáidtear litreacha anseo freisin: is é an s-leibhéal an leibhéal is laige fuinnimh, agus ina dhiaidh sin, p, d, f, g, h... (i ndiaidh an f, cloítear le hordú aibítreach na litreach). * an chandamuimhir mhaighnéadach, a thugann an ceann ar leith de na fithiseáin den chineál chéanna a bhfuil an leictreon suite air. * an chandamuimhir ghuairneach, a thugann, cé acu den dá leictreon é a bhfuil áit dóibh san fhithiseán áirithe sin. Má théann dhá fhithiseán as dhá adamh éagsúla le chéile, cruthófar dhá fhithiseán nua: an fithiseán nascach agus an fithiseán frithnascach. Má tá leictreon amháin ar cheachtar den dá fhithiseán, rachaidh siad ar an bhfithiseán nascach, agus ceanglófar nasc comhfhiúsach idir an dá adamh, ó tá an fithiseán nascach ar leibhéal níos laige fuinnimh ná an dá fhithiseán a bhí ann ar dtús. Na leictreoin bhreise áfach, rachaidh siad ar an bhfithiseán frithnascach atá ar leibhéal níos airde ná an dá fhithiseán a bhí ann ar dtús, agus cuirfidh siad an nasc ó mhaith. (ga) |
dbo:wikiPageDisambiguates | dbr:Molecular_orbital dbr:Orbital_(comics) dbr:Orbital_(metro) dbr:Orbital_engine dbr:Orbital_hybridisation dbr:Orbital_piercing dbr:Atomic_orbital dbr:Orbital_(1991_album) dbr:Orbital_(1993_album) dbr:Orbital_(The_Culture) dbr:Orbital_(band) dbr:Orbital_ATK dbr:Orbital_Corporation dbr:Orbital_Sciences_Corporation |
dbo:wikiPageID | 22201 (xsd:integer) |
dbo:wikiPageLength | 1371 (xsd:nonNegativeInteger) |
dbo:wikiPageRevisionID | 1107774476 (xsd:integer) |
dbo:wikiPageWikiLink | dbr:Molecular_orbital dbr:Orbitofrontal_cortex dbr:Orbit dbr:Orbit_(anatomy) dbr:Orbit_(disambiguation) dbr:Orbital_(comics) dbr:Orbital_(metro) dbr:Orbital_engine dbr:Orbital_hybridisation dbr:Orbital_piercing dbr:Ring_road dbr:Atomic_orbital dbr:Orbital_(1991_album) dbr:Orbital_(1993_album) dbr:Orbital_(The_Culture) dbr:Orbital_(band) dbr:Orbital_ATK dbr:Orbital_Corporation dbr:Orbital_Sciences_Corporation dbr:Earth_orbit |
dbp:wikiPageUsesTemplate | dbt:Disambiguation dbt:TOCright dbt:Wiktionary |
rdfs:comment | Is éard is fithiseán ann ná feidhm mhatamaiticiúil a thugann cur síos ar iompraíocht an leictreoin san adamh nó sa mhóilín. Is féidir dul i dtuilleamaí na feidhme matamaiticiúla sin leis an réigiúin a oibriú amach a gcoinneoidh an leictreon taobh istigh de, ar acht go bhfuil an leictreon ar leibhéal áirithe fuinnimh. Is féidir an dá thuiscint a bhaint as an téarma sin "fithiseán": is é an fheidhm mhatamaiticiúil é, ach is é an réigiún spás freisin ar féidir a theorainneacha a oibriú amach agus tú ag dul i dtuilleamaí na feidhme. Thar aon rud eile, is iad na fithiseáin adamhacha na staideanna éagsúla candamacha i scamall na leictreon timpeall núicléas an adaimh. (ga) |
rdfs:label | Orbital (en) مدار إلكتروني (توضيح) (ar) Orbital (ca) Orbital (rozcestník) (cs) Orbital (de) Τροχιακό (el) Orbital (es) Fithiseán (ga) Orbital (fr) Orbital (it) オービタル (曖昧さ回避) (ja) 오비탈 (ko) Orbital (pt) Orbital (значения) (ru) Orbital (sv) 軌域 (zh) |
owl:sameAs | wikidata:Orbital dbpedia-ar:Orbital dbpedia-ca:Orbital dbpedia-cs:Orbital dbpedia-de:Orbital dbpedia-el:Orbital dbpedia-es:Orbital dbpedia-fa:Orbital dbpedia-fr:Orbital dbpedia-ga:Orbital dbpedia-gl:Orbital dbpedia-hu:Orbital dbpedia-it:Orbital dbpedia-ja:Orbital dbpedia-ko:Orbital http://lv.dbpedia.org/resource/Orbitāle_(nozīmju_atdalīšana) dbpedia-ms:Orbital dbpedia-pt:Orbital dbpedia-ru:Orbital dbpedia-simple:Orbital dbpedia-sk:Orbital dbpedia-sv:Orbital dbpedia-th:Orbital dbpedia-tr:Orbital dbpedia-zh:Orbital https://global.dbpedia.org/id/3LCxT |
prov:wasDerivedFrom | wikipedia-en:Orbital?oldid=1107774476&ns=0 |
foaf:isPrimaryTopicOf | wikipedia-en:Orbital |
is dbo:wikiPageRedirects of | dbr:Orbital_(disambiguation) dbr:Orbital_(album) dbr:Orbitally dbr:Orbitals |
is dbo:wikiPageWikiLink of | dbr:Orbital_(disambiguation) dbr:Orbital_(album) dbr:Orbitally dbr:Orbitals |
is gold:hypernym of | dbr:Natural_bond_orbital dbr:Antibonding_molecular_orbital dbr:R25_(London) dbr:Hopper_(spacecraft) dbr:The_Altogether dbr:Non-bonding_orbital dbr:Fastbus |
is foaf:primaryTopic of | wikipedia-en:Orbital |