Ar Sevel chatal hervez «Kenteliou Labour douar» savet gant Gwillerm (original) (raw)

Ar Sevel chatal hervez Gwillerm

Ar Sevel Chatal hervez Skridoù brezhonek, 2019

Amañ vo kavet ganeoc'h deroù un enklask skiantel diwar-benn labour an douar hag ar sevel chatal hervez ar skridoù brezhonek. Gwir eo e vo dalc'het en hor spered e vimp staget ouzh al lennegezh, an dachenn lennegel...Kavout a reot marteze respontoù d'ar goulennoù savet gant an enkadenn bevet ganeomp hirio an deiz... Here you'll find the beginning of a scientific study relating to the farming and the earth's working. That's true we'll keep in our mind we'll follow a literary way... Maybe you'll find answers concerning the crisis lived by us today ....

An duine aonair agus an pobal beag i saothar Mháirtín Uí Chadhain

Béascna, 2019

In this article I discuss the plight of the individual in some examples of Máirtín Ó Cadhain's work. Sociologists such as Tönnies and Durkheim generalised about the traits of traditional communities. I attempt here to show that Máirtín Ó Cadhain gives a very different portrayal of life in such communities. Some of his characters are downtrodden, as illustrated by their relationship to the shop and shopkeeper. Others by contrast, stand tall and give the shopkeeper very little satisfaction. Others still lambaste the shopkeeper and all the pillars of the community. The importance of the shop in Ó Cadhain's work should not be underestimated. It acts as a prism through which we can see the social relations and interdependence of Ó Cadhain's characters. Réamhrá An leibhéal síceolaíoch den eispéireas daonna a bhíonn i gceist i saothar Mháirtín Uí Chadhain dar le Louis de Paor (1991). Tá sé i gceist agam gnéithe áirithe den tsocheolaíocht i saothar Mháirtín Uí Chadhain (1906-1970) a phlé anseo. Is minic a dhéantar idéalú agus simpliú ar an bpobal beag traidisiúnta i réimse na socheolaíochta. Tá a leithéid déanta ag an socheolaí Gearmánach Ferdinand Tönnies (1855-1936) (Ní Riain 2002; 2017) agus ag an socheolaí Francach Émile Durkheim (1858-1917). Is cineál útóipe an pobal beag-community-rud atá caillte ach a bhféadfaí teacht arís air (Delanty, in Ní Riain 2017, 35). Tá suim mhór blianta caite agam ag déanamh taighde ar litríocht na Gaeilge i solas theoiricí Tönnies. Tá fúm síneadh a chur leis an obair sin trí theoiricí áirithe de chuid Durkheim a chur san áireamh anseo. Teastaíonn uaim cur leis an ndioscúrsa atá ann cheana maidir leis an bpobal beag faoin dtuath sa tír seo agus atá pléite agam sa leabhar Carraig agus Cathair (2002). Táid ann a déarfaidh nach n-oireann teoiricí Tönnies ná teoiricí Durkheim d'anailís ar shaol na tuaithe sa tír seo. B'fhéidir go bhfuil méid áirithe den cheart acu, ach dar liom go bhfuil gnéithe áirithe de theoiricí na beirte sin a chabhraíonn linn i gcónaí tuiscint níos doimhne a fháil ar chumhacht an phobail bhig thraidisiúnta sa tír seo suas le déanaí. Bhain Tönnies úsáid as an téarma Gemeinschaft agus an pobal beag faoin dtuath á phlé aige.

Rol an Raidio i gcruthu pobail

Dé réir teoiricí Anderson agus Habermas, s’éard atá ann sa náisiún nua-aimseartha ná rud teibí a bhaineann le cadhdeánú teanga, spás poiblí fíorúil, comóntacht samhalta, agus naisc meicniúil idir saoránaigh, rud a tógfar anuas as an spéir. Ach tá bealaí eile chun pobail a cruthú a thagann ó na fréamhacha aníos le haghaidh pobal agus polaitíocht “imeanach” (immanent) a chruthú agus a chothú. Feiceann muid anois na gluaiseachtaí “Occupy”, tionól na ndaoine san Afraic Thuadh, sa Spáinn agus áiteanna eile a thagann daoine le chéile in áit poiblí le plé oscailte a dhéanamh agus a bhfriotal féin a chruthú, chomh maith le úsáid nua a bhaint as na meáin chumarsáide. B'fhéidir mar gheall ar a fhréamhacha i nGluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta tá struchtúr, samhlaíocht agus cumhacht ar leith ag Raidió na Gaeltachta a sheasann amach thar meáin eile na tíre seo.

A dh’ionnsaigh Mion-Litreachais: Deleuze is Guattari agus Litreachas na Gàidhlig

COMHARTaighde, 2021

Beachdaichidh an t‐alt seo air cleachdadh teòiridh litreachasail iar‐structarail an luchd‐teoìridh Fhrangaich Gilles Deleuze is Gélix Guattari, gu sònraichte an aiste ainmeil aca ‘Qu’est‐ce qu’une littérature mineure?’ [‘Dé th’ ann am mion‐litreachas?’]. Tòisichear le mìneachadh goirid air a’ choin‐ cheap de ‘mhion‐litreachas’ agus an uair sin, a’ toirt iomradh an dà chuid air dùbhlanan a nochdas san aiste fhèin agus air breithneachaidhean o sgoilearan eile (Glissant agus Gauvin 2010, Jamison 2018, agus eile), feuchaidh an t‐alt ri ceist shònraichte a fhreagairt: ciamar a dh’fhaodadh an aiste seo — agus an teòiridh litreachasail nuadh‐aimsireil is iar‐nuadh‐aimsireil san fharsaingeachd — a bhith cuideachail dhuinn ann a bhith a’ sgrùdadh litreachas na Gàidhlig? Bithear ag argamaid gu bheil feum aig teòiridhean a thogar ann an cànanan ceannasach air seallaidhean mhion‐chànanan, a dh’fhaodas, air an dàrna làimh, cuid dhe na dùbhlanan aithnichte aca fhuasgladh agus, air an làimh eile, dùbhlanan agus dearmadan ùra a nochdadh air nach bi luchd‐teòiridh chànanan ceannasach a’ smaoineachadh idir. Aig a’ cheart àm, ge‐tà, bithear a’ dearbhadh gu bheil an t‐atharrachadh co‐theacsa o Fhraingis gu Gàidhlig ag atharrachadh na teòiridh, cuideachd. Nithear sgrùdadh goirid air cuid de theacs‐ aichean litreachasail Gàidhlig (dàin le Mona NicLeòid Wagner agus Lodaidh MacFhionghain agus nobhail le Aonghas Pàdraig Caimbeul), feuch ciamar a tha litreachas na Gàidhlig fhèin a’ dèiligeadh ri a staid mar ‘mhion‐chànan’ agus ‘mhion‐litreachas’, ann an teirmichean Deleuze is Guattari. Aig a’ cheann thall, dearbhaichear gur ann a dh’fhaodas teòiridhean litreachasail nuadh‐aimsireil a bhith feumail ann a bhith a’ sgrùdadh litreachas na Gàidhlig ach gum feumar am freagarrachadh air neo an ath‐chumadh ann an co‐theacsa mion‐chànain, agus togar ceistean nas fharsainge mu chiamar a dh’fhaodadh na teòiridhean seo a bhith feumail taobh a‐muigh an nua‐litreachais a‐mhàin.

DLÚTHCHAIDREAMH LE DÚTHAIGH: POBAL AGUS TÍR I bPARÓISTE DHÚN CHAOIN

Léachtaí Cholm Cille, 2017

An t-aonú lá déag de Mhárta 1920, sa Bhlascaod Mór. D'éirigh Tomás Dhónaill Croimhthain agus chorraigh amach tar éis tar éis oíche anaithe. Is mar seo a chuir sé síos ar an radharc a bhí aige le feiscint ina thimpeall: Bhíos ag máinneáil liom ar an gcuma seo ag tabhairt gach ní faoi ndeara gur chuas i radharc na gcladaí. Ansin is ea a bhuail iontas eile mé, is é sin, an obair a bhí déanta ag an stoirm mhór. Níl aon dabht ná gurb iontach é gnóthaí an duine agus gnóthaí atá déanta ar fuaid an domhain, ach tar i radharc an ghnótha seo a dhein an mhórmhuir le cumhachta Dé agus cuirfidh sé ag machnamh tamall thú. Na stocáin a bhain an fharraige, na hoileáin a bhain sí as a bpréamhacha, na hoileáin mhóra ar bhain sí an croiceann díobh i dteannta an fhéir, na carraigeacha a thóg sí ó cheann den chladach go dtí an ceann eile agus mórán acu nár fhág sí in aon áit. Tá daoine ann agus is olc a chreidfidís uait go bhfuil aon chumhacht eile ann a bhuafadh ar na nithe a chíonn a súil féin. Amadántaíocht! 1 Is iomaí sin léiriú atá againn i nDún Chaoin ar an ndlúthchaidreamh a bhí ag muintir an pharóiste lena dtimpeallacht, idir thír agus nádúr, an nasc a bhí agus atá ag an nduine daonna leis an bpáirt sin den ndomhan ina bhfuilid ag cur fúthu, an gaol idir duine agus dúlra, pobal agus tír. Is é atá i gceist agam a dhéanamh sa pháipéar seo ná sibh a thabhairt siar go dtí an paróiste is sia siar san Eoraip agus earraíocht a bhaint as samplaí dár litríocht agus dár dteanga, dár mbéaloideas, dár seanchas, dár ndinnsheanchas agus dár dtraidisiúin d'fhonn éachtaint a thabhairt díbh ar an gcaidreamh céanna. Is minic a chuirtear i leith scríbhneoirí an Bhlascaoid gur beag aird a thugann siad ar an dtimpeallacht inar mhaireadar. Dar leis an teoiric seo tugtar léargas dúinn i litríocht an Bhlascaoid ar bhiaistí maithe iascaireachta nó ar bharraí maithe prátaí, ach gur beag tuiscint a bhí ag na húdair ar áilleacht nó ar dhiamhaireacht an nádúir. Is mar seo leanas a chuir an t-údar John McGahern síos ar scríbhinní an Chriomhthanaigh maidir lena thimpeallacht:

L'Attaque Síoraí [Léachtaí Cholm Cille 52 Stair agus Ficseanó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach Eag. Fionntán de Brún ]

Léachtaí Cholm Cille 52 Stair agus Ficsean – ó Beatha Cholaim Chille go Bealach na Spáinneach Eag. Fionntán de Brún l, 2022

Is leabhar Béarla, The year of the French, a bhí beartaithe ag Eoghan Ó Tuairisc (1919-82) mar úrscéal a bhunófaí ar an ionradh a rinne fórsa de mhíle saighdiúir Francach faoi cheannas an Ghinearáil Jean Humbert ar Chúige Chonnacht le linn Lúnasa na bliana 1798, Bliain na bhFrancach. Bhí sé mar rún ag Humbert ceangal leis na hÉireannaigh Aontaithe le 'Republic of Connaught' a bhunú agus buanna Réabhlóid na Fraince a bhronnadh ar Éirinn. Is le laethanta tosaigh an fheachtais a bhaineann an t-úrscéal. Ar mholadh tráchtála ón bhfoilsitheoir Allen Figgis, is i nGaeilge a rinne Ó Tuairisc an t-úrscéal a fhoilsiú sa deireadh agus ba é L'Attaque an toradh (Ó Tuairisc 1981: 45). Thart ar an am céanna sin, bhí saothair Bhéarla leis á naistriú go Gaeilge aige agus bhain dráma agus gearrscéal leis a aistríodh duaiseanna amach ag an Oireachtas in 1961 (Nic Eoin 1988: 162). In agallamh a rinneadh leis in Innti, leag sé béim ar an mbonn láidir airgeadais a bhí faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge ag an am i gcomparáid leis an mBéarla agus a mhealltaí is a bhí an Ghaeilge dá bharr sin don scríbhneoir lánaimseartha (Ó Tuairisc 1981: 34). Á chur seo ar fad san áireamh, ba dheacair gan a bheith in amhras faoi bhunteanga scríofa L'Attaque, a foilsíodh in 1962 agus is díol spéise é gur lochtaigh 'Flann Mac an tSaoir' (Tomás Ó Floinn), príomhléirmheastóir na linne, an leabhar tráth a fhoilsithe as ucht 'Béarla i gcraiceann Gaeilge, agus é tuatúil ina theannta sin' a bheith ann ('Flann Mac an tSaoir' 1962: 20). Ach, mar atá ráite ag Moray Watson i dtaobh Iain Mhic a' Ghobhainn (Iain Crichton Smith), níor ghá gur locht é teannas na dteangacha: 'bilingualism creates tensions, the choice of language creates pressures of finance and loyalty, and all of it creates inspiration' (Watson 2016: 146).